Club Fichille ar líne do Dhaltaí Bunscoile agus Meánscoile (Elo 700-1200)

Club Fichille ar líne do Dhaltaí Bunscoile agus Meánscoile (Elo 700-1200)

An bhfuil grá agat don fichille agus don Ghaeilge?

Anois, beidh tú in ann foghlaim ficheall trí ghaeilge le Máistir Idirnáisiúnta Mark Quinn!

An bhfuil a fhios agat conas an cluiche a imirt agus ba mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi straitéis fichille?

Más mian leat do chluiche a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile, caithfidh tú a fháil na hoscailtí ceart duit le bán agus le dubh.  Tá stíl dhifriúil ag gach imreoir.  Tá sé tábhachtach a thuiscint cad atá ag tarlú sa meánchluiche freisin.  Conas a shocraíonn tú ar an bplean ceart?  Agus conas a fhaigheann tú tacaiocht go h-iontach chun an bua a thabhairt abhaile?  Cá bhfuil na smaointe cliste i bhfolach!?

Ní gá duit a bheith líofa sa Ghaeilge. Is féidir leat ceisteanna a chur i mBéarla.  D’fhill Mark ar an teanga i rith na paindéime tar éis cúig bliana is fiche.  Níl sé líofa fós, ach tá grá mór aige don teanga anois agus don Ficheall.  Gheobhaidh muid amach draíocht na fichille trí Ghaeilge le chéile le beagán cabhrach ón mBéarla má tá sé de dhíth orainn.

Cad a tharlóidh sa chlub gach seachtain?  Imreoidh tú cluiche amháin ar a laghad le linn an ranga.  Beidh muid ag breathnú ar na cluichí sin.  Beidh go leor oscailtí agus straitéisí nua chun triail a bhaint astu. Agus beidh obair bhaile fichille duit gach seachtain as gaeilge!  Ná bí buartha…beidh sé spraoi cinnte 🙂

Seo é  club fichille ar líne ar zoom d’imreoirí a thuigeann bunrialacha na fichille cheana féin.  Má tá a fhios agat conas a bhogann na píosaí, conas caisliú a dheanamh, conas do chéile comhraic a chur in marbhsháinn nó tá rátáil fichille agat idir 700 agus 1200 ar chess.com no lichess, is tosaitheoirí le taithí (Experienced Beginner) thú agus tá an leibhéal ceart don chlub seo agat.

Sé seachtaine – Dátaí: 5ú,  12ú & 19ú Márta & 9ú, 16ú  & 23ú Aibreán

Gach Máirt ag 16.15pm ar Zoom

Fiche Dalta ar a mhéad – Caithfidh ochtar mac léinn ar a laghad a bheith ann chun dul ar aghaidh leis an gcúrsa

Praghas an Chúrsa – €60 ar feadh sé seachtaine

 

 

 

 


Comhlánaigh foirm anois le bheith páirteach!

PLEASE FILL OUT THE APPLICATION FORM BELOW IN EITHER IRISH OR ENGLISH AND FOLLOW PAYMENT STEPS TO SECURE YOUR BOOKING.

Please enable JavaScript in your browser to complete this form.
Tuismitheoir / Caomhnóir
Ainm an dalta
See Course Page for Payment Details. Thanks!

SECURE YOUR BOOKING:

You can choose one of the following payment options to secure your place on this course:

  1. Revolut to:
    +353-85-1526889 or by using this link – https://revolut.me/markmtykf

2. Paypal to:
mark@chessbud.ie or through searching my username: @chessbud


3. EFT to Chess Bud IBAN:
IE82AIBK93319864200001

When paying by EFT, please don’t forget to include your name,
so we that know who the payment is for. Many thanks!

IM Mark Quinn,
Chess Bud Ireland